Rugadh agus tógadh Páidí i Ráth Mealtain go raibh sé 4 bliana d’aois, ansin nuair a fuair a athair bás, thug a mháthair isteach go Oileán Thoraí é féin agus a dheirfiúr, as Toraigh a mháthair. Tógadh istigh ar an oileán ansin é. D’fhág sé Toraigh nuair a bhí sé 17 bliana d’aois. Pádraig ab ainm dona athair agus Nóra a bhí ar a mháthair. A chuimhne ar Rátha Mealtain agus ag dul isteach go Toraigh an chéad uair. Iascaireacht an slí beatha a bhí i dToraigh an t-am sin agus bhí a gcuid earraí féin acu, ní raibh le ceannach acu ach plúr, tae agus siúcra, bhí gach rud eile acu féin. | 00:03:03 | |